OpenCharities

This text was generated using OCR and may contain errors. Check the original PDF to see the document submitted to the regulator. This document is also available as Markdown.

2025-05-31-annual-report

CRUINNIÚ CINN BLIANA Annual General Meeting

Aonach Mhacha 26 Ean | Jan 2026

os =e, 74-76 Sráid na Sasanach, ty) ’

—_

An Clár /Contents

  1. Réamhrá agus Fáilte/ Introduction and Welcome

  2. Rialachas agus Struchtúr/ Governance and Structure

  3. Obair an Bhainisteora Ionaid agus Forbartha/ The Centre and Development Manager’s Portfolio

  4. Obair an Oifigigh Forbartha Gaeilge/ The Irish Language Development Officer’s Portfolio

  5. Forbhreathnú Airgeadais/Financial Overview

  6. Gníomhaíochtaí agus Gnóthachtáil 2024/ Activities and Achievements 2024

  7. Éifeacht agus For-rochtain/ Impact and Outreach

  8. Spriocanna agus Pleananna Straitéiseacha don Bhliain Amach Romhainn

  9. Comhlíonadh agus Cuntasacht/ Compliance and Accountability

  10. Admhálacha / Acknowledgements

  11. Aguisíní / Appendices

1. RÉAMHRÁ AGUS FÁILTE | INTRODUCTION AND WELCOME

Tuairisc an Chathaoirligh | Chairpersons Report - Eanáir | January 2026

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine atá ag cinntiú go bhfuil Aonach Mhacha ag freastal ar an phobal le Gearóid, Luíseach, Eimear agus an fhoireann shealadach, Donna sa Chaife agus a foireann agus le Liam Ó Loingsigh. Buíochas speisialta lenár dtionóntaí a thacaíonn go mór leis an spiorad bríomhar anseo in Aonach Mhacha. Buíochas fosta libhse, Bord Stiúrtha Aonach Mhacha, mar tá rath ar an obair a dhéanann sibh mar bhord. Buíochas fosta lenár dteaghlaigh, lenár gcairde uilig a thugann tacaíocht iomlán dúinn agus buíochas fosta lenár maoinitheoirí ar fad a sheasann linn bliain i ndiaidh bliana.

With regard to the building, there are some isolated but notable issues yet to be resolved. The ingress of water in particular is an ongoing issue from day one. I believe that if we have a plan to resolve this problem and some costings that we can approach Roinn na Gaeltachta for example who have a capital works scheme for outside the Gaeltacht. We can’t go on using buckets to solve a problem that is overtaking our efforts and is a threat to our electrics and the very fabric of the building.

Aonach Mhacha continues to bring like-minded people together to promote our language and its heritage in creative and innovative ways. An Ghaeilge agus a hoidhreacht a láidriú agus a leathnú i gCathair Ard Mhacha agus sna ceantair máguaird an sprioc atá againn.

The Irish language continues to grow as we strive to restore and strengthen it and give expression to many aspects of its rich heritage here in the centre – But we need proper resourcing, especially unrestricted funding that we use as needs must. Some progress has been made in this regard since last year’s AGM but clearly more needs to be done so that

we have adequate reserves which at the moment we don’t. This is not to sound a note of despair but rather one of realism. This is something we all know. Our newly formed Fundraising Sub-Committee will be required to redouble their efforts if we are to be able to match-fund our outgoings. Comhghairdeas leis an fhoireann a chinntigh an maoiniú tábhachtach atá aimsithe againn.

Mar chathaoirleach, tá mé an-sásta go bhfuil polasaí iompair againn agus an-bhuíoch dóibh siúd a chuidigh. Buíochas fosta le gach ball boird a chuir comhairle stuama orm i gcónaí sa ról seo, ról atá agam le 18 bl anuas lúide thart ar 8 mí nó mar sin nuair a bhí mé ar shaoire shabóideach agus cathaoirleach eile sa ról. Ár mbuíochas le Micheál Ó Duibh as a thréibhse sa ról.

Bhí a lán buaicphointí ó tháinig muid le chéile i Mí Feabhra bliain ó shin do CCB 2025. We have had many high points since or 2025 AGM in February last year; Ranganna agus An Dioplóma a lean ar aghaidh, Lá ar son Gaza, scannáin ar Gaza agus neart gigeanna/Seisiúin/Imeachtaí le Píobairí Ard Mhacha agus Cleamairí Ard Mhacha. D’éirigh go seoigh le Campa Mhacha arís an samhradh seo. Bhí roinnt Féilte éagsúla (AE Russell, Macha Alive mar shampla). Bhí Camino ar an Mheal ann i mbliana ach

is bealach an-mhaith é le maoiniú a thiomsú agus is féidir an cur chuige a threisiú. Mar eolas, tá moladh ag teacht chun cinn Camino Mhacha i gcuimhne Mattie Lennon a eagrú. Beidh mé féin ar ais in Celtic Junction Arts Center, Cathair Naomh Pól, Minnesota, i Mí Aibreáin 2026. Seo an 5iú bliain den chomhpháirtíocht sin. Beidh Féile AE Russell ar ais anseo i Mí Aibreáin 2026 - 9,10 & 11 Aibreán. Is cúis áthais dom go bhfuil na físealaíona go mór chun tosaigh anseo in Aonach Mhacha.

Déantar comóradh ar na féilte Ceilteacha go maith. Tá Imbolg romhainn gan mhoill. Tá pleananna móra do Sheachtain na Gaeilge 2026. Is iontach

mar a rug Club Cailíní greim ar mheon na mban agus is maith go bhfuil sé lonnaithe anseo in Aonach Mhacha. Tá láithreacht Aonach Mhacha níos láidre anois ná mar a bhí riamh a bhuí le gach duine.

Mar fhocal scoir ba mhaith liom focal buíochais a ghabháil le Gearóid agus leis na hoibrithe go léir, buíochas le mo chomhstiúrthóirí, leis na tionóntaí, leis na múinteoirí, le húsáideoirí Aonach Mhacha agus lenár lucht tacaíochta go léir. Tá neart dúshlán romhainn ach mar deir an seanfhocal – ní neart go cur lé chéile - agus le chéile ní féidir linn gach rud a dhéanamh ach níl aon rud nach féidir linn a dhéanamh ag an am chéanna má bhíonn spiorad na meithle inár gcroí.

Comhghairdeas le Caife Mhacha agus le hAonach Mhacha a bhain ghradaim ghnó na hÉireann amach, scéim a reáchtálann Glór na nGael, ár dtionónta nua. o _y

Bhí an-bhrón orainn go léir nuair a fuair Mattie Lennon bás agus Dolores Hannon roimhe sin – beirt a raibh ceangal láidir acu le hAonach Mhacha. Fuair Manchán Magan bás fosta, mar atá a fhios againn. Rinne sé a shó Arán san ionad cúpla bliain ó shin. Fuair An Mons. Ó Muirí bás fosta agus bhí an-bhaint aige leis an Ghaeilge sa chathair seo. D’fhreastail sé ar an ócáid oscailte ar 6ú Márta 2020.

Gura fada buan spiorad na fiontraíochta agus cur chuige na meithle in Aonach Mhacha. Guím gach rath ar an Bhord don bhliain 2026.

Réamonn Ó Ciaráin, Mí Eanáir, 2026

2. RIALACHAS AGUS STRUCHTÚR/ GOVERNANCE AND STRUCTURE

Achoimre Ghairid ar Mhisean agus Fís Aonach Mhacha

Misean: Dírítear i misean Aonach Mhacha ar chur chun cinn na Gaeilge, an oideachais agus na n- ealaíon traidisiúnta, agus ar léiriú na hoidhreachta agus chultúr na Gaeilge, go háirithe i measc phobal na Gaeilge agus an phobail i gcoitinne i gceantar Ard Mhacha. Tá sé mar aidhm ag Aonach Mhacha forbairt sa phobal a chothú tríd seo a leanas:

Fís: Amharcann Aonach Mhacha air féin mar mhol cultúrtha spreagúil a dhéanann nascadh pobail a neartú tríd an Ghaeilge agus oidhreacht a cheiliúradh agus a athmhuscailt. Is é an sprioc atá aige ná a bheith ina lárionad ar éiríonn leis ina léiriú ar chultúr, ina thiomantas don oideachas agus ina rannpháirtíocht leis na healaíona, rudaí a chuirfidh le caomhnú agus le forbairt féiniúlacht teanga agus chultúrtha Ard Mhacha.

A Brief Overview of Aonach Mhacha’s Mission and Vision

Mission: Aonach Mhacha’s mission focuses on the promotion of the Irish language, advancement of education and the showcasing traditional arts, heritage, and Irish culture, particularly among Irishspeaking communities and the wider public in the Armagh area. Aonach Mhacha aims to foster community development by:

Vision: Aonach Mhacha envisions itself as a dynamic cultural hub that strengthens community connections through the celebration and revitalisation of the Irish language and heritage. Its goal is to become a thriving centre for cultural expression, education, and artistic engagement, contributing to the preservation and development of the linguistic and cultural identity of Armagh.

Róil agus Freagrachtaí

Stiúrthóirí

Baill

Roles and Responsibilities

Directors

Members

Sealbhóirí Oifige | Office Bearers

Contact details for directors: bainisteoir@aonachmhacha.com

Achoimre ar aon leasú ar Airteagail nó Rialachas na Cuideachta:

Summary of Any Changes to the Articles or Governance of the Company:

Leasú ar bith ó bhí CCB 2023 ann.

No changes since AGM 2023.

Eolas ar chruinnithe ginearálta a tionóladh, lena n-áirítear an Cruinniú Cinn Bliana (CCB).

Cruinniú Cinn Bliana (CCB) – 24 Eanáir 2025:

Tionóladh an Cruinniú Cinn Bliana ar in An Seomra Comdhála, Cultúrlann Aonach Mhacha. Chuir an Cathaoirleach, an Rúnaí, na hOifigigh Forbartha agus an tOifigeach Airgeadais a dtuarascálacha i láthair. Ina dtuarascálacha cuireadh béim ar phríomhéachtaí agus ar dhul chun cinn. Toghadh comhaltaí nua boird ag an chruinniú agus ceadaíodh rúin.

Information on general meetings held, including the Annual General Meeting (AGM).

Annual General Meeting (AGM) – 24 Jan

2025: The Annual General Meeting took place in The Conference Room, Cultúrlann Aonach Mhacha. The Chairperson, Secretary, Development Officers, and Financial Officer presented their reports, highlighting key achievements and progress. The meeting saw the election of new board members and the approval of resolutions.

Achoimre ar Chruinnithe Boird 2025

Gné Sonraí
Líon na gCruinnithe Tionóladh sé chruinniú boird le linn 2025 ar na dátaí seo a leanas: • 21
Feabhra 2025 • 18 Aibreán 2025 • 30 Bealtaine 2025 • 1 Lúnasa 2025 •
3 Deireadh Fómhair 2025 • 15 Nollaig2025.
Taifead Tinrimh Réamonn Ó Ciaráin (RÓC): 6/6; Tomás Mac Gabhann (TMG): 2/6;
Gearóid Mac Eoin mar Rúnaí Cuideachta (GMacE): 6/6; Alan Brecknell
(AB): 2/6; Anne Hart (AH): 6/6; Ciarán Ó Maoláin (CÓM): 6/6; Mark
Reilly (MR) 4/6; Stiofán Mac Cléirigh (SMacC) 5/6. Donagh Hannon (DH)
4/6.
Athruithe ar an Bhord D'éirigh Micheál Ó Duibh as. Tugadh cuireadh do Mark Reilly agus
Stiofan MacCléirigh teacht ar bord.

Rialachas agus Cuntasacht : • Rinneadh athbhreithniú rialta ar airgeadas de réir an dea-chleachtais. Foireann agus Ceannaireacht : • Ceapadh Luíseach Nic Thréinfhir mar Fháilteoir/Riarthóir. Tionscnaimh Mhaoinithe : • Pléadh cúrsaí maoinithe, iarratais ar dheontais, rannpháirtíocht ghnó, síntiúis agus imeachtaí tiomsaithe airgid. Maoin Príomhphlé agus agus Bonneagar : • Tugadh uasdátú ar dheisiúcháin tógála agus ar Príomhghníomhaíochtaí aimsiú tionóntaí. Foirgneamh agus Cothabháil • Tugadh uasdátú rialta ar eagraíochtaí agus grúpaí nua a úsáideann spás an ionaid. Rannpháirtíocht leis an Phobal agus le hEintitis Sheachtracha : • Comhoibriú le gnólachtaí áitiúla agus le heagraíochtaí cultúrtha agus Gaeilge.

Summary of 2025 Board Meetings

Aspect Details
Number of
Meetings
Six board meetings held on the following dates: • 21 February 2025 • 18 April 2025
• 30 May2025 • 1 August 2025 • 3 October 2025 • 15 December 2025.
Attendance
Record
Réamonn Ó Ciaráin (RÓC): 6/6; Tomás Mac Gabhann (TMG): 2/6; Gearóid Mac Eoin
as Company Secretary (GMacE): 6/6; Alan Brecknell (AB): 2/6; Anne Hart (AH): 6/6;
Ciarán Ó Maoláin (CÓM): 6/6; Mark Reilly (MR) 4/6; Stiofán Mac Cléirigh (SMacC)
5/6. Donagh Hannon(4/6)
Director
Changes
Micheál Ó Duibh resigned. Mark Reilly and Stiofán MacCléirigh were invited onto
the board.
Key
Discussions
and Actions
Governance and Accountability: •Financial reviews conducted in accordance with
best practice.Staffing and Leadership: •Luíseach Nic Thréinfhir was appointed as
Receptionist/Aministrator.Funding Initiatives: •Funding was discussed as well as
grant applications, business engagement, subscriptions and fundraising events.
Property and Infrastructure: •Regular updates on building repairs and new tenants
were given regularily. • Regular updates were given on new organisations and
groups using the facilities were given.Community and External Engagement: •
Collaborations with local businesses and cultural organisations.

3. PUNANN OIBRE AN BHAINISTEORA | MANAGERS REPORT – Eanáir | January 2026

A Chairde,

Ba mhaith liom an deis seo a thapú mo bhuíochas a ghabháil leis an bhord stiurthóirí as a muinín a chur ionam agus as an tacaíocht a cuireadh ar fáil le linn na bliana agus mé ag feidhmiú mar Bhainisteoir Ionaid agus Forbartha. Ina theannta sin, tá mé buíoch as an seans gearrchuntas de na gníomhaíochtaí agus den dul chun cinn atá ar siúl anseo in Aonach Mhacha a chur faoi bhur mbráid.

Tá lúchair orm a thuairisciú go bhfuil fuadar oibre faoi Aonach Mhacha agus go mbíonn fuinneamh agus spiorad pobail nach beag le sonrú ar bhonn laethúil. Bhí clár lán d’imeachtaí, tionscadál agus d’airithintí ann ó thús go deireadh na bliana, imeachtaí agus tionscadáil daonnúla amhail Lá don Phalaistín agus oícheanta scannáin agus taispeántais La don Phalaistin ealaíne le feasacht a ardú agus airgead a thiomsú ina measc. 21/06/25

Chuir Aonach Mhacha fáilte roimh Luíseach Nic Thréinfhir i mí Eanáir 2025 mar fháilteoir/riarthóir agus aithnítear í mar oibrí den

chéad scoth a ndéanann a cuid dualgas agus i bhfad Éireann níos mó ná sin. Leanann an tOifigeach Forbartha Gaeilge, Eimear Ní Anluain leí ag obair go dúthrachtach ag cur imeachtaí Gaeilge den chéad scoth ar siúl don phobal agus go leor eile.

Chomh maith leis sin, fáiltíonn foireann agus bord stiúrthóirí Aonach Mhacha roimh Glór na nGael mar thionóntaí nua i mí Eanáir 2025 agus déanfaidh muid gach iarracht a bheith ag comhoibríú lenár dtionóntaí uile sa bhliain 2026 agus ar aghaidh.

Ar an ábhar sin, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le Luíseach, Eimear, Roisín, Michelle, Caoilte agus leis an Bhord Stiúrtha araon, as a dtacaíocht agus as a muinín.

for the support provided throughout the year during my tenure as Center and Development Manager. Furthermore, I am grateful for the opportunity to present to you a brief outline of the activities and progress currently underway here at Aonach Mhacha.

I am delighted to report that Aonach Mhacha is a hive of activity, with significant energy and community spirit evident on a daily basis. We maintained a full schedule of events, projects, and bookings from the beginning to the end of the year. This included humanitarian events and projects such as a "Day for Palestine," as well as film nights and art exhibitions aimed at raising awareness and funds.

Aonach Mhacha welcomed Luíseach Nic Thréinfhir in January 2025 as a receptionist/administrator; she is recognized as a first-class worker who fulfills her duties and goes far beyond. Our Irish Language Development Officer, Eimear Ní Anluain, continues to work diligently, organizing top-tier Irish language events for the community and much more.

Additionally, the staff and Board of Directors of Aonach Mhacha welcome Glór na nGael as new tenants as of January 2025. We will make every effort to collaborate with all our tenants throughout 2026 and beyond.

On that note, I would like to express my sincere thanks to Luíseach, Eimear, Roisín, Michelle, Caoilte, and the Board of Directors alike for their support and confidence.

Gearóid Mac Eoin, Eanáir 2026

I would like to take this opportunity to thank the Board of Directors for placing their trust in me and

4. PUNANN OIBRE AN OIFIGIGH FORBARTHA GAEILGE|THE IRISH LANGUAGE DEVELOPMENT OFFICER’S PORTFOLIO – Eanáir | January 2026

Scéim Forbartha Líonraí Gaelige 2025

Irish Language Network Development Scheme 2025

Ábhar na Tuairisce | Report Contents

1. Ranganna Gaeilge | Irish Classes

2. Deiseanna Úsáide na Gaeilge | Opportunities to Use Irish

3. Obair Óige | Youth Work

4. Imeachtaí Eile | Other Events

Ranganna Gaeilge | Irish Classes

Cúrsaí 10 Seachtaine | 10 Week Courses

Two 10 Week Irish Language courses were provided by Aonach Mhacha during the year with classes offered at 5 levels; Complete Beginners, Beginners x 2, Lower Intermediate, Upper Intermediate and Advanced.

135 people registered for classes during the Spring Term 2025, 150 people registered for the Autumn Term 2025 and 7 teachers in total were employed to facilitate the classes.

Dianchúrsaí Gaeilge| Irish Language Crash Courses

Aonach Mhacha hosted two Irish Language Crash Courses during the summer, one in June and one in July. 55 people attended Dianchúrsa an Mheithimh (June), 65 people attended Dianchúrsa an Iúil (July) and 6 teachers in total were employed. Refreshments were provided by Caifé Mhacha and space was given to An Mangaire Siúlach (Seán Mac Labhraí) for a ‘Pop-up’ book shop a Trathna gCeist during both Dianchúrsa. = LEIBHEAL D 5

Dioplóma sa Ghaeilge le hOllscoil Uladh | Diploma in Irish with Ulster University

Aonach Mhacha continued to host Ulster University’s Diploma in Irish on Monday and Tuesdays evenings from 6pm – 9pm during 2025. There were 14 students in total during the academic year 2024 – 2025 and 14 in total during the academic year 2025 – 2026.

Céiliúradh Dheireadh an Téarma | End of Term Party

Aonach Mhacha organised a party after the Spring Term and the Autumn Term to celebrate the end of term and to award certificates, ‘Cúpla Focal’ badges as well as silver and gold Fáinní.

Deiseanna Úsáide na Gaeilge | Opportunities to Use Irish

There are a number of opportunities to use Irish in Aonach Mhacha and the Armagh area including Ciorcal Comhrá, Pop Up Bricfeasta, Ciorcal Comhrá Ard Mhacha, Club Leabhar agus Caifé Ceoil.

Ciorcal Comhrá | Converstaion Circle

There is a Ciorcal Comhrá (Converstaion Circle) on Saturdays from 9am – 10am in Caifé Mhacha which offers Irish Speakers and Learners a chance to practice their Cúpla Focal in a warm social setting.

Pop Up Bricfeasta | Pop Up Breakfast

Once a month Ciorcal Comhrá Mullach Craoibhe organised a ‘Pop-Up Bricfeasta’ once a month in Aonach Mhacha in collabroation with Caifé Mhacha.

Ciorcal Comhrá Ard Mhacha | Armagh Ciorcal Comhrá

Ciorcal Comhrá Ard Mhacha is hosted at Rafferty’s Cú Chulainn’s Bar on Tuesdays from 9pm – 11pm.

Club Leabhar | Book Club

The Club Leabhar (Book Club) is on every Wednesday in Caifé Mhacha which offers Irish Speakers a chance to develop and improve their Irish by diving into Irish Language Literature.

Caifé Ceoil | Music Café

On the first Saturday of every month Aonach Mhacha hosts Caifé Ceoil , a lively traditional Irish music session for seasoned players, beginners and those who enjoy listening. Irish Speakers and learners are encouraged to practice their Cúpla Focal at Caifé Ceoil .

Obair Óige | Youth Work

Club Óige | Youth Work

Aonach Mhacha secured funding to host a weekly Irish language youth club on Tuesdays from

3:30pm – 5pm. Kids going through Irish Medium Education from Rang 4 – 7 are welcome to attend and 3 students from St Catherine’s College are employed to facilitate the youth club.

Campa Mhacha

A weeklong Irish language summer camp was organised in Aonach Mhacha from 7[th] – 11[th] July 2025. Campa Mhacha offered the opportunity to 100 kids going through Irish Medium Education from Rang 1 – 7 to take part in activities through Irish during the summer. The kids enjoyed a range of activities including sport, music, art, games and trips to Navan Fort and Armagh planetarium.

In total, 4 teachers and 5 youth workers were employed to facilitate Campa Mhacha 2025, and we look forward to organising the 20[th] Campa Mhacha in 2026.

Rang Ard Leibhéal, Coláiste Phádraig | A Level Class, St Patrick’s Grammar School

Support was given to students studying Irish for A Level in St Patrick’s Grammar School on a weekly basis to improve their speaking skills. All 6 students passed their speaking exam with 2 students achieving full marks.

Feis Ard Mhacha | Armagh Feis

Aonach Mhacha & Gael Linn organised Feis Ard Mhacha in collaboration with the Marketplace Theatre to offer the school children of Armagh the opportunity to perform, compete and celebrate Irish Language poetry at both Primary and Secondary level.

Lá Spraoi Mhacha | Macha Fun Day

In August 2025 Aonach Mhacha assisted with the organisation of a Family Fun Day in Sherries Field for Irish speaking families and children in Irish Medium Education in collaboration with other local and cultural organistaions.

Comórtas Filíochta in Ómós Moinsíneoir Réamonn Ó Muirí | Monsignor Raymond Murray Memorial Poetry Competition ~~TTT~~ Aonach Mhacha helped select the top 5 Irish language poems of Monsignor Raymond Murray Memorial Poetry Competition organised by the Cathedral Parish of Armagh. In November 2025 Aonach Mhacha staff attended the award ceremony in the Parish Hall and the Irish Development Officer recited the poems in Irish.

Imeachtaí Eile | Other Events

Seachtain na Gaeilge 2025 | Irish Language Week 2025

Aonach Mhacha offered our community a wide range of events during Seachtain na Gaeilge to celebrate the Irish Language in Armagh:

Agóid Náisiúnta na nGael | National Protest for the Irish Language and the Gaeltacht Aonach Mhacha took part in the National Protest for the Irish Language and the Gaeltacht in September to support addressing the funding crisis facing the Irish language and the Gaeltacht, the crisis in education, unimplemented language rights and housing crisis in the Gaeltacht;

Funding:

Education:

Language Rights:

Housing:

GRADAIM Scéim Aitheantais Náisiúnta don Gaeilge sa Ghnó | National Recognition Scheme

for Irish in Business

In November both Aonach Mhacha and Caifé Mhacha attended the award ceremony to collect awards for the ‘GRADAIM’ scheme, a National Recognition for the use of Irish in business scheme in Croke Park.

Aonach Mhacha:

Caifé Mhacha:

We look forward to the continuation and further development of Irish language classes, events and more in Armagh in 2026. Míle Buíochas!

Eimear O’Hanlon

Oifigeach Forbartha Gaeilge | Irish Language Officer Aonach Mhacha eimear@aonachmhacha.com

5. Forbhreathnú Airgeadais/ Financial Overview

D’fhéadfadh cúrsaí airgeadais in Aonach Mhacha a bheith níos sláintiúla. Cé go bhfuarthas ó shruthanna maoinithe éagsúla, bhí fiacha móra le socrú agus obair chothabhála nárbh fhéidir a sheachaint, le déanamh i mbliana:

Mar sin féin, tá dúshláin a bhaineann leis an ardú ar chostais oibríochtúla, lena n-áirítear fearais agus pá foirne chomh maith leis an bhraon anuas. Tá géarghá aris i mbliana le fochoiste tiomsaithe airgid agus le himeachtaí nualaíocha a chuideoidh linn cur le cúlchiste airgid Aonach Mhacha sa bhliain 2026.

Fá láthair tá iarmhéid de £6,557.78 agus cúlchiste de £5,163.91 sna chuntais bhainc agus is údar imní é sin. Beidh gá le gearradh siar ar chaiteachais in 2026. Chomh maith leis sin ní mór na céimeanna a leanas a ghlacadh le hinbhuanitheacht Aonach Mhacha a chinntiú:

Financial affairs in Aonach Mhacha could be

healthier. Although various funding streams were secured, there were significant debts to settle and unavoidable maintenance work to be carried out this year:

Despite this, there are challenges regarding the increase in operating costs, specifically including equipment and staff wages, as well as the "leak from above" (the drip down). There is an urgent need again this year for a fundraising subcommittee and innovative events to help build Aonach Mhacha’s reserve fund in 2026.

Currently, there is a balance of £6,557.78 and a reserve of £5,163.91 in the bank accounts, which is a cause for concern. It will be necessary to cut back on expenditure in 2026. Furthermore, the following steps must be taken to ensure the sustainability of Aonach Mhacha:

6. GNÍOMHAÍOCHTAÍ AGUS GNÓTHACHTÁIL 2025/ ACTIVITIES AND ACHIEVEMENTS 2025

Forbhreathnú

Ó bunaíodh Aonach Mhacha i mí an Mhárta 2020, tá Aonach Mhacha ag gnóthú clú do féin mar mhol bríomhar don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach i gCathair Ard Mhacha, a dhéanann freastal ar réigiún Lár Uladh agus ar limistéar na teorann. Cuireadh leis an chlú sin in 2025 i gcuid mhór oibre mar atá le sonrú thíos mar aon le héachtaí an ionaid le bliain anuas.

Príomhghníomhaíochtaí agus Príomhéachtaí 2025

Cur Chun Cinn na Gaeilge: Chuir Aonach Mhacha an Ghaeilge chun cinn go leanúnach trí chláir oideachais éagsúla:

Cláir agus Imeachtaí Cultúrtha: D'eagraigh Aonach Mhacha réimse suntasach imeachtaí chun oidhreacht agus cultúr na nGael a cheiliúradh:

Teagmhail leis an Phobal tríd na Meáin: Chuir Aonach Mhacha lena iarrachtaí teagmhála trí ardáin dhigiteacha agus tionscnaimh straitéiseacha:

Forbairt Saoráidí agus Tacaíocht do Thionóntaí

Comhpháirtíochtaí agus Comhoibriú : Tá caidreamh

maith láidir cothaithe ag Aonach Mhacha le heagraíochtaí áitiúla agus idirnáisiúnta.

Aitheantas agus Gradaim : Bronnadh Gradaim Gnó na hÉireann ar Aonach Mhacha, gradam a fuarthas de thoradh a fheabhas a d’éirigh leis an Ghaeilge a chomhtháthú ina múnla gnó agus ina chuid oibríochtaí.

Trí na cláir agus tionscnaimh éagsúla sin, tá ról lárnach ag Aonach Mhacha i gcónaí i gcur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir ghaelaigh, i gcothú na rannpháirtíochta I measc an phobail, agus i mbunú na comhpháirtíochta chun an oidhreacht chultúrtha a shaibhriú.

Activities and Achievements in 2025

Overview

Since its establishment in March 2020, Aonach Mhacha has built a reputation as a vibrant hub for the Irish language and Gaelic culture in Armagh City, serving the Mid-Ulster region and the border area. This reputation was further enhanced in 2025 through extensive work, as detailed below alongside the center's achievements over the past year.

Primary Activities and Key Achievements 2025

Promoting the Irish Language: Aonach Mhacha consistently promoted the Irish language through various educational programs:

examinations, and the staff provided support sessions for students struggling with reading and other skills.

Cultural Programs and Events: Aonach Mhacha organized a significant range of events to celebrate Gaelic heritage and culture:

Community Engagement through Media

Aonach Mhacha increased its outreach efforts through digital platforms and strategic projects:

Facility Development and Tenant Support

Partnerships and Collaboration

Aonach Mhacha has nurtured strong, positive relationships with both local and international organizations.

Recognition and Awards

Aonach Mhacha was presented with the Gradaim Gnó na hÉireann award , an accolade received due to its excellence in integrating the Irish language into its business model and overall operation.

Through these diverse programs and initiatives, Aonach Mhacha continues to play a central role in promoting the Irish language and Gaelic culture, fostering community participation, and establishing partnerships to enrich our cultural heritage.

7. ÉIFEACHT AGUS FOR-ROCHTAIN

Sonraí Inchainníochtaithe maidir le Tinreamh agus Rannpháirtíocht: Tá dul chun cinn nach beag déanta ag Aonach Mhacha, mar lárionad don Ghaeilge, ina mbíonn gníomhaíochtaí teanga, staire, cultúrtha agus sin le sonrú sa rannpháirtíocht ón phobal, agus is bliain í 2025 a bhfuil sonrú le cur ann ó thaobh na rannpháirtíochta a bhí ann i gcláir agus imeachtaí éagsúla. I measc na bpríomhmhéadrachtaí tá:

Éifeacht ar an Phobal

Rannpháirtíocht Chultúrtha : Léirigh imeachtaí amhail Macha Alive , agus comhoibriú trasatlantach le Celtic Junction Arts Centre le linn Fhéile AE George Russell cumas Aonach Mhacha an pobal a thabhairt le chéile agus oidhreacht na hÉireann á ceiliúradh ag an am céanna.

Tacaíocht do Thionóntaí : Threisíonn Caifé Mhacha faoi ról an ionaid mar mhol pobail bríomhar, cáife a chuireann seirbhísí ar fáil go dátheangach mar ar féidir leis an phobal bualadh le chéile ar bhealach cairdiúil.

Teagmháil Níos Leithne : Mhéadaigh láithreacht na meán sóisialta go mór, le leantóirí 4.2K ar Facebook agus lucht féachana ag fás ar fud ardáin ar nós Instagram agus LinkedIn. Coinnítear ar na meáin shóisialta an phobal i gcoitinne ar an eolas faoi imeachtaí agus faoi ghníomhaíochtaí Aonach Mhacha.

IMPACT AND OUTREACH

Key Performance Indicators regarding Attendance and Participation: Significant progress has been made by Aonach Mhacha as a hub for the Irish language, featuring language, historical, and cultural activities with notable community participation. 2025 is a year in which participation in various programs and events has been particularly noted. Among the primary metrics are:

Impact on the Community

Cultural Participation: Events such as Macha Alive and a transatlantic collaboration with the Celtic Junction Arts Centre during the AE George Russell Festival demonstrated Aonach Mhacha’s ability to bring the community together and celebrate Irish heritage at the same time.

Support for Tenants: Caifé Mhacha reinforces the center's role as a vibrant community hub; a café that provides bilingual services where the community can meet in a friendly way.

Wider Engagement: Social media presence increased significantly, with 4.2K followers on Facebook and a growing audience across platforms like Instagram and LinkedIn. Social media keeps the general community informed about events and activities at Aonach Mhacha

8. SPRIOCANNA AGUS PLEANANNA STRAITÉISEACHA DON BHLIAIN AMACH ROMHAINN/ STRATEGIC GOALS AND PLANS FOR THE COMING YEAR

Tairiscintí Gaeilge agus Cultúrtha a Leathnú

Inbhuanaitheacht Aonach Mhacha a Chinntiú

Caomhnú na hOidhreachta Áitiúla a Chur Chun Cinn

Rialachas agus Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara a Fheabhsú

Saoráidí Aonach Mhacha a Fheabhsú

Imeachtaí agus Tionscnaimh sa Bhliain Amach Romhainn

Seachtain na Féile Pádraig/Seachtain na Gaeilge 2026 : Seachtain cheiliúrtha na Gaeilge agus an chultúir a eagrú. Réimse bríomhar imeachtaí a reáchtáil, lena n-áirítear ceardlanna, léirithe, agus gníomhaíochtaí cultúrtha a dhéanfaidh ceiliúradh ar an Ghaeilge agus ar chultúr na nGael.

Féile AE Russell : Comhoibriú le comhpháirtithe áitiúla agus idirnáisiúnta chun imeachtaí cultúrtha a óstáil i mí Aibreáin 2026, a léireoidh oidhreacht Ard Mhacha agus a chuirfidh lena naisc chultúrtha.

Ceardlanna Cultúrtha : Ceardlanna a chur ar fáil sa cheol traidisiúnta, sa drámaíocht, san fhilíocht agus sna hamharcealaíona chun léiriú cruthaitheach agus rannpháirtíocht sa phobal a spreagadh.

Tionscnaimh Rannpháirtíochta don Aos Óg : Clubanna agus campaí óige Gaeilge a leathnú chun an ghlúin óg a spreagadh chun teagmháil a dhéanamh lena bhféiniúlacht chultúrtha.

Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta : Tógáil a dhéanamh ar a fheabhas atá ag éirí le cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn trasatlantach ar ardáin ar nós Portal Comhrá chun naisc láidre a chothú agus oidhreacht chultúrtha Ard Mhacha a thaispeáint ar stáitse idirnáisiúnta.

De thoradh na spriocanna straitéiseacha sin a shaothrú agus réimse leathan imeachtaí agus tionscnamh a óstáil, beidh sé mar aidhm ag Aonach Mhacha leanúint lena mhisean an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn, forbairt pobail a chothú, agus feidhmiú mar lochrann oidhreachta i gcroílár Ard Mhacha.

Expanding Irish Language and Cultural Offerings

Strengthening Financial Sustainability

Promoting Local Heritage Preservation

Enhancing Governance and Stakeholder Engagement

Facility Improvements

Upcoming Events and Initiatives

St. Patrick’s Day Week/Seachtain na Gaeilge

2026 : Organise a week of celebrations, culminating in large-scale community events to further establish Aonach Mhacha as a cornerstone of cultural celebration. Host a vibrant array of events, including workshops, performances, and cultural activities celebrating the Irish language and culture.

Féile AE Russell : Collaborate with local and international partners to host cultural events in April 2026, showcasing Armagh’s heritage and enhancing its cultural connections.

Cultural Workshops : Offer workshops in traditional music, drama, poetry, and visual arts to encourage creative expression and engagement within the community.

Youth Engagement Initiatives : Expand Irish-language youth clubs and camps to encourage younger generations to connect with their cultural roots.

International Partnerships : Build on the success of transatlantic collaborations like Portal Comhrá to strengthen global connections and showcase Armagh's cultural heritage on an international stage.

By pursuing these strategic goals and hosting a diverse range of events and initiatives, Aonach Mhacha aims to continue its mission of promoting the Irish language and culture, fostering community development, and serving as a beacon of heritage in the heart of Armagh.

9. COMHLÍONADH AGUS CUNTASACHT/ COMPLIANCE AND ACCOUNTABILITY

Tá Aonach Mhacha tiomanta do na caighdeáin is airde comhlíonta agus cuntasachta a choinneáil agus do chinntiú go mbíonn an obair a dhéanann muid ag teacht leis na dualgais dhlíthiúla agus eiticiúla go léir. Leagann na bearta seo a leanas béim ar ár dtiomantas don trédhearcacht agus don dea-rialachas: Comhlíonadh an Achta Carthanas (Tuaisceart Éireann) 2008: Tá forálacha an Achta Carthanas (Tuaisceart Éireann) 2008 a gcomhlíonadh go hiomlán ag Aonach Mhacha. Áirítear leis sin, cloí le gach oibleagáid reachtúil, a chinntiú go bhfeidhmíonn an chuideachta de réir a chuspóirí carthanais, agus go gcomhlíonann sé ceanglais leas an phobail.

Trédhearcacht in Oibríochtaí agus Bainistíocht Airgeadais: Glacann an Bord dáiríre lena fhreagracht as dea-rialachas agus maoirseacht airgeadais. Tá Aonach Mhacha tiomanta d'oibríochtaí trédhearcacha agus cuntasacha a chinntiú. Tá meicníochtaí tuairiscithe soiléire agus inrochtana i bhfeidhm chun muinín a thabhairt do pháirtithe leasmhara maidir leis an dóigh a ndéanann an chuideachta a cuid acmhainní agus gníomhaíochtaí a bhainistiú.

Doiciméid Riachtanacha a chur isteach: Mar chuid dár n-oibleagáidí comhlíonta, cinntítear go gcuirtear na doiciméid riachtanacha go léir faoi bhráid Choimisiún Carthanais Thuaisceart Éireann go tráthúil. Ina measc sin tá:

  1. Tuairisceán Bliantúil : Scríofa chun forléargas cuimsitheach a thabhairt don Choimisiún ar ghníomhaíochtaí, ar rialachas agus ar stádas comhlíonta an charthanais.

  2. Ráiteas Cuntas : Cuirtear mionthuarascáil airgeadais agus cuntasaíochta isteach gach bliain, rud a léiríonn ár dtiomantas do bhainistíocht agus cuntasacht airgeadais.

De thoradh na riachtanais sin a chomhlíonadh, treisíonn Aonach Mhacha a thiomantas muinín a chothú le páirtithe leasmhara, maoinitheoirí agus leis an phobal i gcoitinne. Leanfaidh an chuideachta ag tabhairt tús áite don dea-rialachas agus do chinntiú go mbeidh gach gníomhaíocht agus acmhainn airgeadais ag teacht lena mhisean chun forbairt na Gaeilge agus an chultúir a chur chun cinn.

Aonach Mhacha is committed to upholding the highest standards of compliance and accountability, ensuring that our operations align with all legal and ethical obligations. The following measures underline our dedication to transparency and good governance:

Compliance with the Charities Act (Northern Ireland) 2008: Aonach Mhacha fully complies with the provisions of the Charities Act (Northern Ireland) 2008. This includes adherence to all statutory obligations, ensuring that the company operates in accordance with its charitable purposes, and fulfilling the requirements of public benefit.

Transparency in Operations and Financial Management: The Board takes its responsibility for good governance and financial oversight seriously. Aonach Mhacha is committed to maintaining transparent

and accountable operations. Clear and accessible reporting mechanisms are in place to provide stakeholders with confidence in how the organisation manages its resources and conducts its activities.

Submission of Required Documentation: As part of our compliance obligations, Aonach Mhacha ensures the timely submission of all necessary documents to the Charity Commission for Northern Ireland. These include:

By meeting these requirements, Aonach Mhacha reinforces its commitment to fostering trust with stakeholders, funders, and the wider community. The company will continue to prioritise good governance, ensuring that all activities and financial resources are aligned with its mission to promote and support Irish language and cultural development.

10. ADMHÁLACHA / ACKNOWLEDGEMENTS

Gabhaimid buíochas ó chroí leo siúd ar fad a thug tacaíocht d'Aonach Mhacha i rith na bliana. Bhí bhur ndúthracht agus bhur gcuidiú an-luachmhar agus muid ag iarraidh ár misean a bhaint amach chun an Ghaeilge, an cultúr agus forbairt an phobail a chur chun cinn.

Deontóirí agus maoinitheoirí: Tá muid fíorbhuíoch dár ndeontóirí agus dár maoinitheoirí, gan a dtacaíocht fhlaithiúil airgeadais rachadh sé crua orainn cláir ardchaighdeáin a chur ar fáil agus ár n- ionad iontach a chothabháil. Cinnteoidh bhur n-infheistíocht inár bhfís go leanfaidh Aonach Mhacha de bheith ag fás mar mhol barr feabhais teanga, cultúrtha agus oideachais.

Oibrithe Deonacha: Dár n-oibrithe deonacha dochreidte, tá bhur gcuid ama, fuinnimh agus díograis fíorluachmhar. Ó chuidiú a thabhairt le himeachtaí go tacú le hoibríochtaí ó lá go lá, tá lorg bhur ndúthrachta le feiceáil go soiléir san obair atá déanta againn.

Foireann: Gabhann muid buíochas faoi leith le foireann dhíograiseach agus paiseanta s’againn. Is é bhur dtiomantas diongbháilte do sheirbhísí, imeachtaí agus tionscnaimh den scoth a chur ar fáil an fórsa is mó atá taobh thiar de dóigh a bhfuil ag éirí le hAonach Mhacha.

Comhpháirtithe: Tá an t-ádh linn a bheith ag obair i gcomhar le réimse leathan comhpháirtithe, lena n-áirítear eagraíochtaí áitiúla agus Gaeilge, scoileanna, ollscoileanna agus institiúidí cultúrtha. Chuir bhur gcomhoibriú agus bhur bhfhís chomhroinnte go mór lenár gcuid oibre.

Baill an Phobail agus Páirtithe Leasmhara: Ar deireadh, gabhann muid buíochas ó chroí le baill ár bpobail agus leis na páirtithe leasmhara go léir a thacaigh linn. Spreagann bhur rannpháirtíocht muid chun leanúint lenár gcuid oibre.

Le chéile, tá muid ag tógáil lárionad teanga agus cultúrtha níos láidre agus níos bríomhaire agus ag cinntiú go n-éireoidh go geal leis an Ghaeilge agus go bhfágfar í in áit mhaith do na glúnta atá le teacht. Tá muid fíorbhuíoch díbh as bhur dtacaíocht.

We extend our heartfelt gratitude to all those who have supported Aonach Mhacha throughout the year. Your dedication and contributions have been instrumental in helping us achieve our mission of promoting the Irish language, culture, and community development.

Donors and Funders: We are deeply grateful to our donors and funders, whose generous financial support allows us to deliver high-quality programmes and maintain our vibrant centre. Your investment in our vision ensures that Aonach Mhacha continues to grow as a hub for cultural and educational excellence.

Volunteers: To our incredible volunteers, your time, energy, and enthusiasm have been invaluable. From assisting with events to supporting day-to-day operations, your dedication is deeply appreciated.

Staff: We offer special thanks to our hardworking and passionate staff. Your unwavering commitment to delivering outstanding services, events, and initiatives is the driving force behind Aonach Mhacha’s success.

Partners: We are fortunate to work alongside a diverse range of partners, including local and Irish language organisations, schools, universities, and cultural institutions. Your cooperation and shared vision have enriched our work.

Community Members and Stakeholders: Finally, we express our deepest appreciation to the members of our community and all stakeholders who have supported us. Your involvement inspires us to continue our work.

Together, we are building a stronger, more vibrant cultural centre and ensuring that the Irish language and heritage thrive for generations to come. Thank you for your unwavering support.

11. AGUISÍNÍ / APPENDICES

Mionráiteas Airgeadais/Detailed financial statements. (LE CUR ISTEACH AGUS É AGAINN Ó LIAM)